2 Samuel 15:14 — Compare Translations

2 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus a dubhairt Dáibhi ré na shearbhfhoghantuibh uile do bhí na fhochair ann Ierusalem, Eirgidhe, agus teithiom; nó ní racham as ar éanchor ó Absolon: déanuidh deithfir re himtheachd, deagla go mbéaradh sé oruinn go hobann, agus go dtiubhra olc oruinn, agus go millfidh an chathair lé faobhar an chloidhimh.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ar an ábhar sin dúirt Dáiví lena chuid oifigeach go léir a bhí in éineacht leis in Iarúsailéim: «As go brách linn; teithimis, nó ní éalóimid choíche ó Aibseálóm. Imígí le teann deabhaidh, ar eagla go mbéarfadh sé orainn le barr luais agus an bua a fháil orainn agus bás le faobhar a thabhairt ar mhuintir na cathrach.»