2 Samuel 15:2 — Compare Translations

2 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus déirgheadh Absolon súas go moch, agus do sheasadh láimh ré slighe an gheata: agus is amhluidh bhí, gach duine agá mbíodh adhbhar imreasuin a núair do thigeadh chum an rígh dfagháil breitheamhnuis, annsin do ghoireadh Absolon air, agus a deiriodh sé, Cía an chathair dar di thusa? agus a deiriodh seision, Is do threabhaibh Israel do sherbhíseach.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
D' éiríodh Aibseálóm go moch, agus sheasadh sé le taobh bhóthar an gheata. Aon uair a thagadh duine le cúis le cur faoi bhreith an rí, ghlaodh Aibseálóm air agus deireadh: «Cén chathair arb as duit?» D' fhreagraíodh seisean: «As a leithéid seo de threibh in Iosrael do shearbhónta.»