2 Samuel 15:24 — Compare Translations
2 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
¶ Agus féach do bhí Sádoc fós, agus na Lebhítigh uile na fhochair, ag iomchar airce chunartha Dé: agus do léigeadar airc Dé ar lár; agus do chuáidh Abiatar súas, nó go ttáinic lé cách uile dul amach as an gcathruigh.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Bhí Zádóc ansiúd agus na Léivítigh go léir ag iompar áirc chonradh Dé. Leagadar áirc Dé ansiúd ar an talamh os comhair Aibíátár nó gur ghabh an pobal go léir thart amach as an gcathair.