2 Samuel 16:1 — Compare Translations
2 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus a núair do chuáidh Dáibhi beagán thar mullach na cnuicce feuch, thárla Síba óglach Mhephibóset dhó, maille re cúpla Assal ughamtha, air a rabhadar dhá chéad builín aráin, agus céad ceanglachán rísín, agus céud do mheasa an tsamhraidh, agus buidél fíona.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Nuair a bhí Dáiví imithe tamall gairid thar mhullach an tsléibhe, tháinig Zíbeá, searbhónta Mheirí Bál, ina araicis le dhá asal, diallaití orthu agus ualach orthu de dhá chéad builín aráin, céad crobhaing rísíní, céad de thorthaí an tsamhraidh, agus seithe fíona.