2 Samuel 18:23 — Compare Translations
2 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Acht gidh bé ar bith mar tá, ar seision, Léig dhamh rioth. Agus a dúbhairt seision ris, Rioth. Ann sin do rioth Ahimaas a slighe an réitigh, agus do rioth roimhe Chúsi.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
«Cibé a tharlóidh,» ar sé, «caithfidh mé rith.» «Rith leat, más ea,» arsa Ióáb. Ansin rith Aichímeáz leis bealach an mhachaire agus fuair sé an tosach ar an gCúiseach.