2 Samuel 18:28 — Compare Translations

2 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus do ghoir Ahimaas, agus a dúbhairt ris an rígh, Atá gach éinní gó maith. Agus do léig sé é féin síos go lár ar aghaidh a lathair an rígh, agus a dúbhairt, Go madh beannaigh do THIGHEARNA Día, noch do sheachaid súas na daoine do thóg a lámha a naghaidh mo thighearna an rígh.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Tháinig Aichímeáz i láthair an rí: «Bail ó Dhia ort!» ar sé, agus shléacht don rí agus chrom go talamh roimhe. «Moladh leis an Tiarna, do Dhia,» ar sé, «mar gur thug sé ar láimh an mhuintir a shín a lámh in aghaidh mo thiarna an rí.»