2 Samuel 18:9 — Compare Translations
2 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
¶ Agus tárla Absolon ar shearbhfhoghantuighibh Dhaibhi. Agus do bhí Absolon a marcuigheachd air mhúille, agus do chuáidh an múille fáói gheuguibh tiugha daire moire, agus rug a cheann greim ar a ndaruigh, agus do bhí sé croichde idir neamh agus talumh; agus dimthigh an múille do bhí faói roimpe.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Tharla d' Aibseálóm gur bhuail sé le cuid de lucht leanúna Dháiví. Bhí Aibseálóm ag marcaíocht ar mhiúil agus bhí an mhiúil ag dul faoi chraobhacha tiubha crainn mhóir darach. Chuaigh ceann Aibseálóm i bhfostú sa chrann darach agus fágadh ar crochadh idir spéir agus talamh é ach an mhiúil a raibh sé ag marcaíocht uirthi, lean sí uirthi.