2 Samuel 19:41 — Compare Translations
2 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
¶ Agus, féuch, thangadar muinntir Israel uile gus an rígh, agus a dubhradar rís an rígh, Créd fár ghadadar ar ndearbhraithre fir Iúdah thusa léo, agus fa ttugadar an righ, agus a theaghlach, agus muinntir Dháibhi uile léo, tar Iordan?
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ansin tháinig fir Iosrael go léir go dtí an rí. D' fhiafraíodar den rí: «Cén fáth ar sciob ár mbráithre, fir Iúdá, chun siúil thú agus an rí agus a theaghlach a thabhairt thar Iordáin, agus fir Dháiví go léir in éineacht leis?» 42