2 Samuel 20:8 — Compare Translations
2 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
A nuáir do bhádar ag an ccloich mhóir atá ag Gibeon, do chúaidh Amasa rompa. Agus do bhí Ióab criosluighe re na chulaidh do chuir sé uime, agus air sin crios maille le cloidheamh ceangailte ar a shlíastaibh iona thruáill; agus ag dul amach dhó do thuit sé as.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Nuair a bhí siad ag an ngallán mór i nGideón bhuail siad ceann ar aghaidh le hAmásá. Bhí a éide ar Ióáb, agus crios lasmuigh air sin timpeall a choime agus claíomh ina thruaill ar crochadh lena shliasaid; ag dul ar aghaidh dó thit an claíomh amach.