2 Samuel 21:12 — Compare Translations

2 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
¶ Agus dimthigh Dáibhi, agus do thóg cnámha Shauil agus cnámha Ionataín a mhic ó mhuinntir Iabes Gilead, noch do ghad íad ó shráid Bhetsan, mar ar chrochadar na Philistinigh íad, a nuáir do mharbhadar na Philistinigh Saul a Ngilboa:
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
D' imigh Dáiví agus thóg sé cnámha Shóil agus a mhic Iónátán ó thaoisigh Iáibéis Gileád a ghoid iad ón gcearnóg i mBéit Seán mar ar chroch na Filistínigh iad an lá a bhris na Filistínigh ar Shól i nGiolboa.