2 Samuel 21:17 — Compare Translations

2 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Acht do thárthuigh Abisai mhac Seruiah é, agus do bhuáil sé an Philistineach, agus do mharbh é. Ann sin thugadar muinntir Dháibhi mionna dhó, dha rádh, Ní racha tusa níos mó linn amach chum catha, chor nach múchfa tú solus Israel.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ach tháinig Aibísí mac Zarúá i gcabhair air, threascair an Filistíneach agus mharaigh. Ansin d' áitigh lucht leanúna Dháiví air á rá: «Ná téigh chun catha riamh arís linn,» ar siad, «d' fhonn nach múchfá lóchrann Iosrael.»