2 Samuel 24:13 — Compare Translations

2 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Mar sin tháinic Gad go Dáibhi, agus do innis dho, agus a dubhairt sé ris, An ttiucfaid seachd mblíadhna gorta ort ann do dhúithche? nó an tteithfidh tú trí mhí roimhe do naimhde, an feadh bhias síad dot leanmhuin? nó an mbiáidh trí la pláighe ann do dhúithche? anois déana comhairle, agus féuch cred é an fhreagra bhéarus misi ar an té do chuir uadh me?
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Chuaigh Gád chuig Dáiví mar sin agus d' inis sé sin dó. «Cé acu is fearr leat,» ar seisean, «trí bliana de ghorta a theacht ort i do thír féin, nó thú a bheith trí mhí ar do sheachaint agus do namhaid sa tóir ort, nó plá a bheith ar do thír ar feadh trí lá? Déan do mhachnamh air anois agus socraigh cad é an freagra a thabharfaidh mé don té a chuir uaidh mé.»