2 Samuel 24:15 — Compare Translations
2 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Ann sin do chuir an TIGHEARNA pláigh ar Israel ó mhaidin nó go ttáinic an tam cinnte: agus fuáir bás do na daóinibh ó Dhan go Beerséba seachdmhoghad míle.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Mar sin thogh Dáiví an phlá. Aimsir fhómhar na cruithneachta a bhí ann. Chuir an Tiarna plá ar Iosrael ón maidin go dtí an uair a bhí leagtha amach agus rinne aicíd léirscrios ar an bpobal, agus ó Dhán go Béar Seaba fuair seachtó míle acu bás.