2 Samuel 24:16 — Compare Translations
2 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus an tan do shín an taingeal a lámh amach ar Ierusalem dá hargoin, do ghabh aíthreachus an TIGHEARNA fá nolc, agus a dubhairt ris a naingeal do mharbh na daóine, Is lór sin: connuimh anois ar do láimh. Agus do bhí aingeal an TIGHEARNA ag ionad buáilte Araunah an Iebusiteach.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Shín an t-aingeal a lámh amach ionsar Iarúsailéim lena scrios, ach rinne an Tiarna athsmaoineamh faoin olc seo agus dúirt sé leis an aingeal a bhí ag scrios an phobail: «Is leor sin! Fóill ar do láimh!» Bhí aingeal an Tiarna le hais urlár buailte Arauná an Iabúsach.