2 Samuel 6:12 — Compare Translations
2 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
¶ Agus do hinnseadh do Dháibhi rígh, gha rádh, Do bheannuigh an TIGHEARNA tigh Obed‐edom, agus a nuile ní dar bhean ris, ar son airce Dé. Ann sin dimthigh Dáibhi agus rug súas aírc Dé as tigh Obed‐edom go cathruigh Dháibhi maille re gaírdeachus.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Tháinig scéala go Dáiví rí gur chuir an Tiarna a bheannacht ar theaghlach Obaed Eadóm agus ar gach ar bhain leis de bharr áirc an Tiarna. D' imigh Dáiví dá bhrí sin agus thug sé áirc Dé leis aníos ó theach Obaed Eadóm go Dúnfort Dháiví le barr lúcháire.