2 Samuel 6:20 — Compare Translations
2 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
¶ Annsin dfill Dáibhi do bheannughadh a theaghluigh. Agus tháinic Michal inghean Shauil amach a ccoinne Dabhi, agus a dubhairt sí, Cread é a ghlórmhuire do bhí rígh Israel a niúgh, noch do nochd é féin a namharc chailíneadh a sherbhíseach, mar nochdus áon do na dáoinibh díomhaóin é féin go míonáireach!
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ag teacht abhaile do Dháiví chun a theaghlach a bheannú, chuaigh Míceal iníon Shóil amach ina choinne: «Nach breá an cháil,» ar sí, «a thuill rí Iosrael dó féin inniu, á nochtadh féin os comhair chailíní a shearbhóntaí, mar a dhéanfadh aon chrosán é féin a nochtadh.»