2 Samuel 8:6 — Compare Translations
2 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Annsin do chuir Dáibhi gairiosún a Síria Dhamascus: agus do bhádar na Sírianuigh na serbhíseachaibh ag Dáibhi, agus tugadar tiodhlaicthe léo. Agus do choimhéad an TIGHEARNA Dáibhi ann gach uile bhall ad téigheadh.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Chuir Dáiví lucht ceannais i bhfeighil Aram na Damaisce agus ghéill na hAramaeigh go léir do Dháiví agus d' íocadar cáin le Dáiví. Thug an Tiarna an bua do Dháiví cibé áit a dtéadh sé.