2 Samuel 9:6 — Compare Translations
2 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Anois a nuáir tháinic Mephibóset, mhac Ionatain, mhic Sauil, mar a raibh Dáibhi, do thuit sé ar a aghaidh, agus do rinne sé umhla. Agus a dubhairt Dáibhi, A Mhephibóset. Agus do fhreagair seision, Féuch do shearbhfhoghantuigh!
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ar theacht i láthair Dháiví dó, chaith Meirí Bál mac Iónátán mhic Shóil é féin ar a bhéal agus thug ómós dó. «Meirí Bál!» arsa Dáiví. «Táim faoi do réir,» ar sé.