2 Thessalonians 1:3 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
A tá dfíachuibh oruinn buidheachus do bhreith ré Díá do shíor ar bhur sonsa, a dhearbhráithre, mar as iomchubhaidh, do bhrígh go bhfuil bhur gcreideamh ag fás go líonmhar, agus grádh gach aóin aguibh uile ag méudughadh dhá chéile;
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Is dual dúinn buidheachas do thabhairt go síor, do Dhia ar bhur son‐sa, a bhráithre, mar is cuibhe, de bhrigh go bhfuil bhur gcreideamh ag dul i neart, agus grádh gach duine agaibh d’á chéile ag méadú go mór;
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Tá sé mar dhualgas orainn altú buíochais a thabhairt i gcónaí do Dhia ar bhur son, a bhráithre, is é ár gceart é, ó tá fás fairsing ag teacht ar bhur gcreideamh, agus bhur ngrá dá chéile ag méadú.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Tá sé d' fhiacha orainn bheith ag gabháil buíochais gan stad le Dia mar gheall oraibh, a bhráithre, agus níl ann ach an ceart, mar tá bhur gcreideamh ag fás thar na bearta agus bhur ngrá dá chéile, gach duine agaibh, ag dul i méid.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Tá sé dʼfhiacha orainn a bheith ag gabháil buíochais gan stad le Dia mar gheall oraibh, a bhráithre, agus níl ann ach an ceart, mar tá bhur gcreideamh ag fás thar na bearta agus bhur ngrá dá chéile, gach duine agaibh, ag dul i méid.