2 Thessalonians 1:4 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Ionnas go ndéunmaóidne féin mordháil bhur dtáobhsa a nagluisibh Dé ar son bhur bhfoighide agus bhur gcreidimh ann gach gérleanmhuin agus gach buáidhirt iomchras sibh:
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
ionnas go bhfuilmíd féin ag maoidheamh asaibh i n‐eaglaisibh Dé as ucht bhur bhfoidhne agus as ucht bhur gcreidimh i lár gach géirleanamhna agus anró fhulaingeas sibh.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Dá bhrí sin bímid féin ag maíomh asaibh in eaglaisí Dé ar bhur ndaingneacht agus bhur ndílseacht ina mbíonn á fhulaingt agaibh de ghéarleanúintí agus de chruatan.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Go deimhin, bímid féin ag maíomh asaibh in eaglaisí Dé, mar gheall ar bhur seasmhacht agus ar bhur gcreideamh ainneoin a bhfuil de ghéarleanúintí agus de thrioblóidí le fulaingt againn.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Go deimhin, bímid féin ag maíomh asaibh in eaglaisí Dé, mar gheall ar bhur seasmhacht agus ar bhur gcreideamh ainneoin a bhfuil de ghéarleanúintí agus de thrioblóidí le fulaingt againn.