2 Thessalonians 2:1 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus íarrmuid dathchuinghe oruibh, a dhearbhraithe, tré theachd ar Dtighearna Iósa Críosd, agus ar gcomhchruinnighne chuigesion,
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
I dtaobh a mbaineann le teacht ár dTighearna Íosa Críost, agus le n‐ár gcómhchruinniú fá n‐a chómhair,
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Anois maidir le teacht ár dTiarna Íosa Críost agus ár slógadh le dul ina airicis, táimid á iarraidh oraibh, a bhráithre,
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Maidir le téarnamh ár dTiarna Íosa Críost agus lenár mbailiú le chéile ina airicis, impímid oraibh, a bhráithre,
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Maidir le téarnamh ár dTiarna Íosa Críost agus lenár mbailiú le chéile ina araicis, impímid oraibh, a bhráithre,