2 Thessalonians 2:10 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus maille ris a nuile mhealltóireachd eugcóruidh a measg na druinge theid a múgha; do bhrígh ná ghabhadar grádh na fírinne chuca, chum a slánaighthe.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
agus le gach ceilg dá gcuireann an cuirptheacht ar an dream d’á bhfuil an scrios i ndán; toisc nár ghlacadar grádh na fírinne, chum go slánóchaidhe iad.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
agus le cluain uile na héagóra don dream a bhfuil an léirscrios i ndán dóibh, ó nach nglacfaidís le grá na fírinne a shlánódh iad.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
agus le teann urchóide cuirfidh sé cluain orthu siúd atá ar bhealach a n-aimhleasa, de bhrí nach nglacfaidís leis an ngrá don fhírinne a chuirfeadh ar láimh shábháilte iad.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
agus le teann urchóide cuirfidh sé cluain orthu siúd atá ar bhealach a n-aimhleasa, de bhrí nach nglacfaidh siad leis an ngrá don fhírinne a chuirfeadh ar lámh shábhálta iad.