2 Thessalonians 2:13 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Gidheadh atá dfiachuibh oruinne buidheachas do bhreith do shíor ré Dí ar bhur sonsa, atá grádhuighthe ón Dtíghearna, ar a nadhbhar gur thogh Día sibh ó thosuigh chum slánaighthe tré náomthachd na Spioruidhe agus tré chreideamh na fírinne:
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Acht is dual dúinn buidheachas do thabhairt do Dhia go síor ar bhur son‐sa, a bhráithre ionmhain leis an Tighearna, de bhrigh gur thogh Dia ó thosach sibh chum slánuighthe tré naomhú an Spioraid, agus tré chreideamh san bhfírinne.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Ach tá sé mar dhualgas orainn altú buíochais a thabhairt i gcónaí do Dhia ar bhur son, a bhráithre a bhfuil grá ag an Tiarna daoibh, as siocair gur thogh Dia ó thús sibh le bheith do bhur slánú, trí naomhú leis an Spiorad agus trí chreideamh san fhírinne.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Tá sé d' fhiacha orainne bheith ag gabháil buíochais le Dia gan stad mar gheall oraibh, a bhráithre, a bhfuil gnaoi an Tiarna oraibh, de bhrí gur roghnaigh Dia ó thús sibh chun go slánófaí sibh trí naomhú ón Spiorad agus trí chreidiúint san fhírinne.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Tá sé dʼfhiacha orainne a bheith ag gabháil buíochais le Dia gan stad mar gheall oraibh, a bhráithre, a bhfuil gnaoi an Tiarna oraibh, de bhrí gur roghnaigh Dia ó thús sibh chun go slánófaí sibh trí naomhú ón Spiorad agus trí chreidiúint sa bhfírinne.