2 Thessalonians 2:4 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
An námhuid do áirduigheas é féin ós cionn gach neithe dá ngoirthear Día, nó do nithear onóruigheadh; ionnas go súighfe sé mar Dhía a dteampoll Dé, dhá chur a gcéill gur Día é féin.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
agus nochtadh fir an pheacaidh, an mac mallachtan árduigheas é féin os cionn gach a dtugtar Dia mar ainm air, nó go ndéantar adhradh dhó; ar mhodh go suidheann sé i dteampall Dé, g‐á chur i gcéill gur Dia é féin.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
a bhíos á ardú féin in éadan a bhfuil in ainm a bheith ina Dhia nó ina ábhar adhartha, ar nós go mbíonn sé á shuí féin i dteampall Dé, ag maíomh gurb é féin is Dia ann.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
an t-áibhirseoir a ardaíonn é féin os cionn gach neach atá in ainm bheith ina Dhia nó ina dhíol ómóis, go dtí go suíonn sé faoi i dteampall Dé agus é a mhaíomh gur Dia é féin.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
an t-áibhirseoir a ardaíonn é féin os cionn gach neach atá in ainm a bheith ina Dhia nó ina dhíol ómóis, go dtí go suíonn sé faoi i dteampall Dé agus é a mhaíomh gur Dia é féin.