2 Thessalonians 3:12 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Do bheirmíd fógrá dhá samhuil sin agus íarrmuid orrtha tré ar Dtíghearna Iósa Chríosd, a narán féin díthe dhóibh, ag sáothrughadh maille ré súaimhneas.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Anois órduighmíd d’á leithéidibh sin, agus spreagaimíd tríd an Tighearna Íosa iad, saothrú le ciúnas, agus a gcuid aráin féin d’ithe.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Tugaimid ordú agus foráileamh in ainm an Tiarna Íosa Críost dá leithéid siúd bheith ag obair leo go socair agus bheith ag saothrú a gcoda.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Táimid ag tabhairt foláirimh dá leithéidí sin agus ag moladh dóibh in ainm an Tiarna Íosa Críost, bheith ag obair go ciúin dóibh féin agus a gcuid bia féin a ithe.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Táimid ag tabhairt foláirimh dá leithéidí sin agus ag moladh dóibh in ainm an Tiarna Íosa Críost, a bheith ag obair go ciúin dóibh féin agus a gcuid bia féin a ithe.