2 Thessalonians 3:16 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus do dtuguidh Tíghearna na síothchána féin síothcháin dhíbh do shíor ar gach éunchor. An Tíghearna maille ribh uile.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Anois go dtugaidh Dia na síothchána síothcháin daoibh i gcómhnaidhe ar an uile shlighe. Go raibh an Tighearna libh go léir.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Anois go dtuga Tiarna na síochána féin an tsíocháin san uile am ar an uile shlí daoibh. Go raibh an Tiarna libh uile go léir.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Tiarna na síochána é féin go dtuga sé síocháin daoibh gach uair agus gach slí. Go raibh an Tiarna libh go léir.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Tiarna na síochána é féin go dtuga sé síocháin daoibh gach uair agus gach slí. Go raibh an Tiarna libh go léir.