2 Thessalonians 3:6 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus do bheirmíd fógra dhíbh, a dhearbhráithre, a nainm ar Dtíghearna Iósa Críosd, sibh féin do dhealughadh ré gach dearbhráthair shiubhlus go miríaghalta, agus ni réir an teaguisg fuáir sé uáinne.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Órduighmíd daoibh anois, a bhráithre, i n‐ainm ár dTighearna Íosa Críost, druidim ó gach bráthair atá ag maireachtain go fallsa, agus nach do réir an teagaisc fuaradar uainne.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Ordaímid daoibh anois, a bhráithre, in ainm ár dTiarna Íosa Críost, fanacht amach as cosán aon bhráthar a théas le falsacht atá bunoscionn leis na béasa a ghlac sibh uainne.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Táim ag tabhairt foláirimh daoibh, a bhráithre, in ainm ár dTiarna Íosa Críost, fanacht amach ó bhráthair ar bith a chaitheann a shaol díomhaoin agus nach leanann an treoir a fuair sibh uainne.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Táim ag tabhairt foláirimh daoibh, a bhráithre, in ainm ár dTiarna Íosa Críost, fanacht amach ó bhráthair ar bith a chaitheann a shaol díomhaoin agus nach leanann an treoir a fuair sibh uainne.