2 Timothy 1:16 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Go dtuguidh Tighearna na trócaire do thigh Onesiphoruis; óir tug sé fúaradh go minic dhamhsa, agus níor ghabh adhnaire é f shlábhradh:
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Go dtugaidh an Tighearna trócaire do theaghlach Onésiforuis; óir is minic thug sé sólás croidhe dhom, agus níor nár leis mo shlabhradh;
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Go ndéana Dia trócaire ar theaghlach Onésiforus, mar ba mhinic a fuair mé faoiseamh uaidh; níor náire leis na geimhle seo orm,
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Go ndéana an Tiarna trócaire ar theaghlach Onaesaforas, mar is minic a chuir sé misneach ionam, agus in ionad aon náire a bheith air faoi mé bheith i bpríosún,
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Go ndéana an Tiarna trócaire ar theaghlach Onaesafóras, mar is minic a chuir sé misneach ionam, agus in ionad aon náire a bheith air faoi mé a bheith i bpríosún,