2 Timothy 1:18 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Go dtuguidh an Tíghearna dhósan trócaire dfághail ón Dtíghearna sa ló úd: agus atá a sháirfhios agadsa, créd é a mhéud do fhoir sé oram a Nephesus.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
(Go dtugaidh an Tighearna dhó trócaire d’fhágháil ó’n Tighearna san ló úd): agus is maith atá a fhios agat féin méid na seirbhís do rinne sé dhom i nEiféis.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
go ndeona an Tiarna dó trócaire a bheith ag an Tiarna air an Lá úd—agus tá a dhea-fhios agat ar a ndearna sé de fhreastalacht san Eiféis.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Sea, go ndeonaí an Tiarna go bhfaighidh sé trócaire ón Tiarna an lá úd agus is fearr a fhios agatsa na agam féin méid an fhreastail a rinne sé orm in Eifeasas.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Is ea, go ndeonaí an Tiarna go bhfaighidh sé trócaire ón Tiarna an lá úd–agus is fearr a fhios agat-sa ná agam féin méid an fhreastail a rinne sé orm in Eifeasas.