2 Timothy 1:5 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Ar mbeith cuimhneach dhamh ar an gcreideamh neamhfhallsa atá ionnad, noch do bhí na chómhnuidhe ar tús ann do sheanmháthair Lois, agus ann do mháthair Eunice; agus ís deimhin leam a bheith ionnadsa mar an gcéudna.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
ag cuimhneamh dhom ar an gcreideamh gan cluain atá ionnat, creideamh do bhí ar dtús id’ shean‐mháthair Lóis, agus id’ mháthair Eúnice; agus atá, mar táim cinnte dhe, ionnat‐sa, leis.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Cuireann sin dúthracht do chreidimh i gcuimhne dom, an creideamh sin a raibh cónaí aige i do sheanmháthair Lóis agus í do mháthair Eunícé agus atá anois, táim cinnte, ina chónaí ionatsa.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Cuimhním freisin ar an gcreideamh glan sin agat. An creideamh úd a bhí ag do sheanmháthair Laoise romhat agus ag do mháthair Eunaícé, táim cinnte go bhfuil sé agatsa chomh maith.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Cuimhním freisin ar an gcreideamh glan sin agat. An creideamh úd a bhí ag do sheanmháthair Lóis romhat agus ag do mháthair Eoinícé, táim cinnte go bhfuil sé agat-sa chomh maith.