2 Timothy 2:14 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Cuir na neithesi a gcuimhne dhóibh agus aithin díobh a bhfíadhnuisi an Tíghearna gan bheith ag cíapáil a dtimchioll focal gan tairbhe air bith, achd búaidhreadh don druing éisdeas.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Cuir na neithe seo i gcuimhin dóibh, g‐á fhógairt dóibh i bhfiadhnaise an Tighearna gan bheith ag aighneas fá fhoclaibh nach bhfuil aon tairbhe ionnta, acht chuireas amugha an dream chluineas iad.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Cuir é seo i gcuimhne dóibh, agus bagair orthu os comhair an Tiarna fanacht amach ó bhriatharchathanna nach dtéann chun tairbhe, ach ag treascairt a n-éisteann leo.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Cuir an méid sin i gcuimhne don phobal agus tabhair foláireamh dóibh i bhfianaise Dé gan bheith ag iomarbhá le chéile mar nach mbíonn dá thairbhe ach an lucht éisteachta a chur ar mhíthreoir.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Cuir an méid sin i gcuimhne don phobal agus tabhair foláireamh dóibh i bhfianaise Dé gan a bheith ag iomarbhá le chéile mar nach mbíonn dá thairbhe ach an lucht éisteachta a chur ar mhíthreoir.