2 Timothy 2:17 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus biáidh a mbríathar ag cnáoi mar chancar: agár díobh Himenéus agus Philétus;
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
agus leathfaidh a mbriathar amhail aillis: daoine de’n aicme sin is eadh Hímenaeus agus Fílétus;
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
agus ó beidh a mbriatharsan ag creimeadh leis mar mhorgadh feola. Is orthusan Himenéus agus Filétur,
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
agus beidh a gcuid teagaisc ag ithe roimhe mar a bheadh cancar. Orthusan tá Himeanaes agus Fiolaetas,
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
agus beidh a gcuid teagaisc ag ithe roimhe mar a bheadh cancar. Orthusan tá Himinéas agus Filéatas,