2 Timothy 2:19 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Gidheadh fanuidh fonndameint dhaingean Dé ar bun, aga bhfuil an séulasa, eadhon Go bhfuil fios a mhuinntire féin ag an Dtíghearna. Agus, Gach áon ghoireas ar ainm Chríosd seachnadh sé a néugcóir.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Cibé ar bith é, fanann bun daingean Dé go seasmhach, agus an séala so air: Is eol do’n Tighearna a mhuinntear féin; agus, Gach aoinneach ainmnigheas ainm an Tighearna, tréigeadh sé an éagcóir.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Ach tá an dúshraith a chuir Dia daingean buanseasmach, agus seo mar shéala uirthi: “Is ag Dia atá a fhios cé hiad is leis,” agus “Gach duine a ainmníos ainm Dé fanadh sé ó éagóir.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Seasann cloch bhoinn dhaingean Dé, áfach, agus tá an séala seo greanta inti: «Tá aithne ag an Tiarna ar a mhuintir féin,» agus «Gach duine a ghlaonn ar ainm an Tiarna, tréigeadh sé an urchóid.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Seasann cloch bhoinn dhaingean Dé, áfach, agus tá an séala seo greanta inti: “Tá aithne ag an Tiarna ar a mhuintir féin,” agus “gach duine a ghlaonn ar ainm an Tiarna, tréigeadh sé an urchóid.”