2 Timothy 2:22 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Seachuin mar an gcéudna ainmíana na hóige: agus lean dfíréuntachd, do chreideamh, do ghrádh, do shíothcháin, maille ris an druing ghoireas air an Dtíghearna ó chroidhe ghlan.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Acht seachain ainmhianta na h‐óige, agus lean de’n fhíréantacht, de’n chreideamh, de’n ghrádh, de’n tsíothcháin, i n‐éinfheacht leis na daoinibh ghlaodhas ar an Tighearna as croidhe úr‐ghlan.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Seachain mar sin ainmhianta na hóige, agus bíodh tóir agat ar an bhfíréantacht agus ar an gcreideamh agus ar an ngrá agus ar an tsíocháin, i gcuideachta a nglaonn ar an Tiarna ó chroi íonghlanta.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Seachain baois na hóige agus bíodh tóir agat ar an bhfíréantacht, ar an gcreideamh, ar an ngrá agus ar an tsíocháin, tú féin agus iad siúd a ghlaonn ar an Tiarna le croí glan.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Seachain baois na hóige agus bíodh tóir agat ar an bhfíréantacht, ar an gcreideamh, ar an ngrá agus ar an tsíocháin, tú féin agus iad siúd a ghlaonn ar an Tiarna le croí glan.