2 Timothy 3:11 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
An ghérleanmhuin, an pháis, a dfulaing mé a Nantióchia, a Nicónium, agus a Lisdra; créd é méid na gérleanmhana diomchuir mé: achd do sháor an Tighearna mé úatha uile.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Is eol duit an méid d’fhulaingeas i nAntuaigh, i Listra; géire na gcrádh d’fhulaingeas agus do shaor an Tighearna asta sin uile mé.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
mo ghéarleanúintí agus a bhfuair mé de dhua ag Antíoc, in Icónium agus i Listra, cad iad na géarleanúintí a dʼfhulaing mé; ach thug an Tiama slán astu uile mé.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Tá eolas curtha agat ar mo ghéarleanúintí agus m' angair, mar a d' éirigh dom in Aintíoch agus in Iocoiniam agus i Liostra agus ar ghabh mé tríothu de ghéarleanúintí. Ach thug an Tiarna slán mé uathu uile.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Tá eolas curtha agat ar mo ghéarleanúintí agus ar mʼangair, mar a mʼéirigh dom in Aintíoch agus in Iocóiniam agus i Liostra agus ar ghabh mé tríothu de ghéarleanúintí. Ach thug an Tiarna slán mé uathu uile.