2 Timothy 3:6 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Oir is don druingse an luchd bhíos ag teultógh a steach a dtighthibh, agus bheireas ríu a mbruid mná simplidhe líonta do pheacadh, noch do threóruighthear ré hainmhíanuibh éugsamhla,
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Óir daoine de’n aicme sin is eadh iad‐san shleamhnuigheas isteach i dtighthibh agus árduigheas leo chum daor‐bhroide mná baothánta atá fá ualach peacaidhe, d’á luascadh ag miantaibh de’n uile shaghas,
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Is díobh iad siúd a shnámhas isteach i dteaghlaigh agus a dhéanas braighde dʼóinseacha, atá faoi thromualach peacaí, agus a mbíonn tallannacha taodacha á luascadh,
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Tá daoine orthu a shleamhnaíonn isteach i dtithe agus a chuireann cluain ar óinseacha ban a bhfuil ualach peacaí orthu agus iad mearaithe ag mianta éagsúla,
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Tá daoine orthu a shleamhnaíonn isteach i dtithe agus a chuireann cluain ar óinseacha ban a bhfuil ualach peacaí orthu agus iad mearaithe ag mianta éagsúla,