2 Timothy 4:1 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Uime sin cuirim dúalach ort a bhfíadhnuise Dé, agus an Tíghearna Iósa Críosd, noch bhéuras breath ar bhéodhuibh agus ar mharbhuibh agá theachd deallruightheach agus an ríoghachd;
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Cuirim d’athchuinghe ort i bhfiadhnaise Dé agus i bhfiadhnaise Íosa Críost, bhéarfas breith ar bheodhaibh agus ar mharbhaibh, agus i n‐ainm a thaisbeánta agus a ríoghachta;
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Cuirim mar chúram ort i láthair Dé agus i láthair Íosa Críost atá le breithiúnas a thabhairt ar bheo agus ar mhairbh, agus as ucht a theachta agus teacht a ríochta:
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
I bhfianaise Dé agus i bhfianaise Chríost Íosa atá chun breithiúnas a thabhairt ar bheo agus ar mhairbh, achtaím ort dar a thaibhsiú agus dar a ríocht
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
I bhfianaise Dé agus i bhfianaise Chríost Íosa atá chun breithiúnas a thabhairt ar bheo agus ar mhairbh, achtaím ort dar a thaibhsiú agus dar a Ríocht