2 Timothy 4:10 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Oír do thréigh Démas mé, ar dtábhairt ghrádha don tsáoghalsa a láthair, agus do imthigh sé go Tessalonica; Crescens go Galátia, Titus go Dalmátia.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
óir do thréig Démas mé tré ghrádh do’n tsaoghal láithreach so, agus atá sé imthighthe go Tesaloníca; atá Crescens imthighthe go Galátia, agus Títus go Dalmátia.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Ó tá Démas, a thug grá don saol seo, i ndiaidh mo thréigean le Tesaloníca a thabhairt air féin; dʼimigh Crescens go Galátia, agus Titus go Dalmatia.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Mar thit Déamas i ngrá leis an saol seo, thréig sé mé agus d' imigh leis go Teasaloinicé. D' imigh Créiscéas go Galait agus Títeas go Dalmait.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Mar thit Déamas i ngrá leis an saol seo, thréig sé mé agus dʼimigh leis go Teasaloinicé. Dʼimigh Créiscéas go dtí an Ghaláit agus Títeas go dtí an Dalmáit.