2 Timothy 4:16 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Ann mo chéud chosaintse níor raibh áonduine agam, achd do thréigeadar uile mé: nar agrar orrtha é.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Ag pléidhe mo chúise dhom de’n chéad uair níor chuidigh aoinneach liom, acht do thréigeadar uile mé: nár agarthar ortha é.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Níor sheas aon duine liom agus mé do mo chosaint féin sa chúirt an chéad uair; rinne siad uile go léir mo thréigean, nár aifrí Dia orthu é!
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ag plé mo chúise dom don chéad uair ní raibh duine ar bith a sheas ceart dom; thréig an uile dhuine mé. Nár agraí Dia orthu é.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ag plé mo chúise dom den chéad uair ní raibh duine ar bith a sheas ceart dom; thréig an uile dhuine mé. Nár agraí Dia orthu é.