2 Timothy 4:17 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Gidheadh do sheas an Tíghearna láimh rium, agus do neartuigh sé mé; ionnus go mbíadh seanmóir an tsoisgeil dearbhtha thríomsa, agus do gcluinfedis na Cineadhacha uile í: agus do sáoradh mé ó bhéul an leomhain.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Acht do sheas an Tighearna lem’ ais, agus thug sé neart dom, chum go bhfógróchaidhe an teachtaireacht go h‐iomlán tríom‐sa, agus go gcluinfeadh na Cineadhacha go léir í: agus do saoradh mé ó bhéal an leomhain.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Ach sheas an Tiarna taobh liom agus chuir sé neart ionam leis an mbriathar a fhógairt, ar chaoi go gcluinfeadh na Gintlithe uile é, agus tugadh saor mé as craos an leoin.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Sheas an Tiarna liom, áfach, agus thug an neart dom go bhfógróinn an teachtaireacht ina hiomláine agus go n-éisteodh na gintlithe uile léi. Saoradh mé ó bhéal an leoin
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Sheas an Tiarna liom, áfach, agus thug an neart dom go bhfógróinn an teachtaireacht ina hiomláine agus go n-éistfeadh na gintlithe uile léi. Saoradh mé ó bhéal an leoin