2 Timothy 4:8 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
O so amach atá coróin fhíréuntachda ar na taisge fám chomhair, noch bhéuras an Tíghearna, an breitheamh cómhthrom dhámh sa ló úd: agus ní dhámhsa amháin, achd mar an gcéudna do na huile dháoine ghrádhuigheas a theachd.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
ó’n am so amach is í coróin na fíréantachta atá i ndán dom, coróin bhéarfas an Tighearna, breitheamh fíréan, dom san ló úd, agus ní damh‐sa amháin, acht do na daoinibh go léir gur geal leo a theacht.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
As seo tá bláthfhleasc na fíréantachta i dtaisce i mo choinne, a mbeidh an Tiarna, an breitheamh fíréan úd, á bronnadh orm an Lá úd, agus ní ormsa amháin ach ar an uile dhuine den dream arb ansa leo a thaispeáint.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Tá craobh na fíréantachta in áirithe dom feasta agus bronnfaidh an Tiarna féin, an breitheamh cóir, orm í an lá sin agus ní ormsa amháin é ach ar an uile dhuine a bheidh ag tnúth lena thaibhsiú.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Tá craobh na fíréantachta in áirithe dom feasta agus bronnfaidh an Tiarna féin, an breitheamh cóir, orm í an lá sin agus ní orm-sa amháin é ach ar an uile dhuine a bheidh ag tnúth lena thaibhsiú.