3 John 1:10 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Ar a nadhbharsa, más teachd dhamh, cuirfead a gcéill a ghníomhartha do ní sé, ag cur challóide orruinn ré bríathruibh urchóideacha: agus ní lór leis sin, achd ní ghabhann sé féin na dearbhráithre chuige, agus cuiridh toirmeasg ar an druing lér mhían, agus cuirídh sé amach as a neagluis íad.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
D’á bhrigh sin, má thagaim, cuirfead i gcuimhin dó na gníomhartha atá d’á ndéanamh aige, ag labhairt ’n‐bhur n‐aghaidh as cainnt mhailísigh: agus ní n‐é amháin sin é, acht ní ghlacann sé féin na bráithre chuige, agus cuireann sé cosc leo‐san gur mian leo a dhéanamh, agus caitheann sé as an eaglais amach iad.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Má thagaim, caithfidh mé suas leis a mbíonn á dhéanamh aige de chúlchaint orm. Agus ní leor leis sin, bíonn sé doicheallach roimh na bráithre, agus é ag cur cosc leis an dream ar mhian leo fáiltiú rompu, agus á ndíbirt amach as an eaglais.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Dá bhrí sin, má thagaimse cuirfidh mé ina luí air céard tá ar siúl aige, é ag béadán orainn le briathra éagóracha. Agus faoi mar nach leor leis sin, ní fháiltíonn sé féin roimh na bráithre, agus coisceann sé an mhuintir a fháiltíonn agus díbríonn as an eaglais iad.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)