3 John 1:6 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Noch do rinne fíadhnuise dod ghrádh a láthair na heagluise: is maith do dhéunas tú, má bheir tú fá shlighe íad mar is fíu Día:
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Thugadar‐san fiadhnaise ar do ghrádh i láthair na h‐eaglaise; agus ba mhaith a mhaise dhuit congnamh do thabhairt dóibh ar a n‐aistear ar shlighe dob’ fhiú Dia é;
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
a bhfuil fianaise tugtha acu ar do ghrá os comhair na heaglaise. Is maith a dhéanfas sibh an comóradh is dual do theachtairi Dé a thabhairt dóibh ag imeacht dóibh.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Is inmholta a chruthóidh tú, á seoladh siúd chun bealaigh mar is cuí do sheirbhís Dé.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Is inmholta a chruthóidh tú, dá seoladh siúd chun bealaigh mar is cuí do sheirbhís Dé.