Acts 1:10 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus an féadh do bhádar ag féachuín go gér air neamh agus eisean ag imtheachd, feuch, do sheasadar días fear a neadach geal láimh ríu;
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus an fhaid do bhíodar ag féacain go géar ar spéir neimhe, agus é ag imtheacht, féach, do bhí beirt fhear agus éadach geal ortha ’n‐a seasamh ’n‐a n‐aice; agus adubhradar.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus nuair a bhí a súile go fóill ag stánadh in airde sa spéir an bealach a dʼimigh sé, bʼshiúd beirt fhear faoi éadaí gealbhána ina seasamh lena dtaobh,
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Fad a bhí siad ag stánadh in airde sa spéir ina dhiaidh sheas beirt fhear in éadaí bána ina n-aice.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Fad a bhí siad ag stánadh in airde sa spéir ina dhiaidh sheas beirt fhear in éadaí bána ina n-aice.