Acts 1:16 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
A dhaoine agus a bhráithreacha, dob éigin an sgrioptúrso a choimhliónadh, noch do réamhrádh an Spíorad Náomh tré bhéul Dhaibhí a dtimcheall Iúdais, noch do bhí na éoluighe ag an muinntir do ghabh Iósa.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
agus adubhairt, A bhráithreacha, ní foláir go gcóimhlíonfaidhe an scrioptúir, do thairngir an Spiorad Naomh tré bhéal Dáibhi i dtaobh Iúdáis, an té do threoruigh iad‐san go ghabh Íosa.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
“A bhráithre, bʼéigean an scríbhinn diaga a fhíorú, a labhair an Spiorad Naomh roimh ré trí bhéal Dháibhí, sa mhéid a bhaineas le hlúdás a bhí mar threoraí ag an dream a ghabh Íosa.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
«A bhráithre,» ar sé, «níorbh fholáir an tuar a theacht faoin tairngreacht úd a labhair an Spiorad Naomh sa scrioptúr trí bhéal Dháiví faoi Iúdás, an fear a rinne eolas na slí dóibh siúd a ghabh Íosa,
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
“A bhráithre,” ar sé, “níorbh fholáir an tuar a theacht faoin tairngreacht úd a labhair an Spiorad Naomh sa scrioptúr trí bhéal Dháiví faoi Iúdás, an fear a rinne eolas na slí dóibh siúd a ghabh Íosa,