Acts 1:18 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Uime sin do sholáthair an fearso fearann ré lúach éagcora; agus ar dtuitim dhó a ndiáigh a chinn, do bhris sé ann a lár, agus do sginneadar a inne uile amach.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
(Is amhlaidh fuair an fear sin talamh le tuarastal a chuirptheachta; agus do thuit sé i ndiaidh a chinn, agus do scoilt sé ’n‐a lár, agus do scéith a inní go léir amach.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
(Anois cheannaigh an duine sin páirc lena chuid airgid lochtaigh; agus thit sé i mullach a chinn, gur phléasc sé ó chéile ina lár agus gur sciurd a inní as.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Mar is eol daoibh cheannaigh an fear seo gort ar luach a choirpeachta, ach thit sé i ndiaidh a chinn, phléasc ina lár agus bhrúcht a inní go léir amach.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Mar is eol daoibh cheannaigh an fear seo gort ar luach a choirpeachta, ach thit sé i ndiaidh a chinn, phléasc ina lár agus bhrúcht a inní go léir amach.