Acts 1:26 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Ann sin do theilgeadar a ccrannchar; agus do thuit an crannchar ar Mhatthías, agus do thoghadh é go háontadhach a bhfochair a néineasbal dég.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus do chuireadar ar chrannaibh é; agus do thuit an crann ar Mhaitias; agus do h‐áirmheadh é mar dhuine de’n aon abstal déag.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus chaith siad crainn orthu, agus is ar Mhaitias a thit an crann; agus ainmníodh é mar aspal leis an aon aspal déag.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Agus chuir siad ar chrainn é agus thit an crann ar Mhaitias agus airíodh ar an [dáréag] aspal é.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Agus chuir siad ar chrainn é agus thit an crann ar Mhaitias agus áiríodh ar an dáréag aspal é.