Acts 1:3 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus dár thaisbén sé é féin béo a ndiáigh a pháisi maille lé mórán do chomharthaidhibh fírinneacha, ar feadh dhá fhichead lá dá fhoillsiughadh féin doibh, agus ag teachd ar na neithibh do bhean ré rioghachd Dé:
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
d’ar thaisbeán sé é féin beo i ndiaidh a pháise, le n‐a lán deimhniú, d’á thaidhbhsiú féin dóibh i gcaitheamh dá fhichid lá, agus ag labhairt ar na neithibh do bhain le ríoghacht Dé:
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Is iomaí cruthúnas atá leis gur fhoilsigh sé é féin dóibh agus é beo i ndiaidh a pháise, agus go mbíodh sé á thaispeáint féin dóibh i rith daichead lá, agus go labhraíodh sé leo i dtaobh ríocht Dé.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
I ndiaidh a pháise is iomaí cruthú a thug sé dóibh go raibh sé beo, á nochtadh féin dóibh ar feadh daichead lá agus ag cur síos ar ríocht Dé.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
I ndiaidh a pháise is iomaí cruthú a thug sé dóibh go raibh sé beo, dá nochtadh féin dóibh ar feadh daichead lá agus ag cur síos ar Ríocht Dé.