Acts 10:17 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus ar mbeith do Pheadar ag déunamh ámharuis ann féin créud í an táibhsise do chunnairc sé, Féuch, na teachdairighe do cuireadh ó Chornélius ag íarraidh thighe Shiómóin, agus do sheasadar ag an dorus,
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus a fhaid do bhí Peadar ag iarraidh a dhéanamh amach créad ba chiall do’n aisling do chonnaic sé, féach, na fir do chuir Cornélius uaidh, tar a éis dóibh a fhiafruighe cá raibh teach Shíomóin, do bhíodar ’n‐a seasamh ag an doras,
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Anois nuair a bhí Peadar idir dhá intinn faoi cad é ba chiall don aisling a bhí feicthe aige, bʼshiúd iad teachtairí Chornélius, i ndiaidh iad tuairisc theach Shíomóin a chur, agus iad ina seasamh os coinne an gheata
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Bhí mearbhall ar Pheadar i dtaobh brí na físe a bhí feicthe aige: idir an dá linn bhí na fir a chuir Coirnéilias uaidh tar éis tuairisc theach Shíomóin a chur agus bhí siad ina seasamh ag an doras faoin am seo
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Bhí mearbhall ar Pheadar i dtaobh bhrí na físe a bhí feicthe aige: idir an dá linn bhí na fir a chuir Coirnéilias uaidh tar éis tuairisc theach Shíomóin a chur agus bhí siad ina seasamh ag an doras faoin am seo