Acts 10:2 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Duine ríaghalta, ar a raibh eagla Dé, maille ré na thigh uile, noch do bheireadh iomad déirce donphobal, agus do bhíodh ag guidhe Dé do ghnáth.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
go raibh eagla Dé air féin agus ar a theaghlach go léir, fear do‐bheireadh a lán déirce do na daoinibh, agus do bhíodh de ghnáth ag guidhe Dé.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
fear cráifeach a raibh urraim aige féin agus ar a theaghlach uile do Dhia, a bhíodh ag déanamh déirce go fial ar na daoine, agus ag guí Dé go síor.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Fear cráifeach ba ea é agus bhí sé féin agus a theaghlach ar fad ómósach do Dhia; thugadh sé déirc go fial don phobal agus dhéanadh guí chun Dé go buan.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Fear cráifeach ba ea é agus bhí sé féin agus a theaghlach ar fad ómósach do Dhia; thugadh sé déirc go fial don phobal agus dhéanadh guí chun Dé go buan.